Thosaigh Mánus ar obair thógála i ndiaidh an chogaidh agus d’oibir sé le McLeod, Wimpey i nDún Éadan agus i nGlaschú. D’fhan sé i mbothanna agus i gcampaí, rud a bhí garbh go leor go minic. Bhíodh liúdramáin go leor ag fanacht sna campaí san oíche ag déanamh cearrbhachais, ag sciobadh agus ag gadaíocht airgid óna oibrithe.
00:08:24
Casadh go leor Éireannaigh ar Mhánus nuair a chuaigh sé go hAlbain ar dtús. Ba sean Ghaeil iad a d’fhág an baile agus nár phill níos mó. Ba £2-10/- an chéad phá a fuair sé. Chaith sé blianta fada ag obair in Albain agus philleadh sé na bhaile cúpla mí den bhliain.